Cllr Eamon Walsh (left) and Senator Mark Daly (right) speaking at the meeting

Tháinig comhaltaí díograiseacha de Fhianna Fáil le chéile le déanaí chun na bearta atá de dhíth go n-eagrófar Fianna Fáil ar fad na hÉireann ina hiomlán a phlé. Thaisteal daoine ó gach cearn chun a bheith i láthair ag an gcruinniú. Bhí daoine ó gach cúige i láthair. Ba as Aontroim, Áth Cliath, Ciarraí, Cill Dara, Doire, An Lú agus Sligeach na daoine a bhí a d’fhreastail ar an gcruinniú. Bhí idir fir agus mná agus óg agus aosta sa slua.

Chuir an comhairleoir Éamonn Walsh tús leis an gcruinniú beagáinín tar éis a hocht a’ chlog. Thug sé caint uaidh a thosaigh i nGaeilge ag míniú an treo ina bhfuil Éire agus Fianna Fáil faoi láthair agus an dualgas atá ar Fhianna Fáil a bheith ar thús cadhnaíochta sa ghluaiseacht chun an tír a athaontú. Labhair sé faoi an comóradh mór a dhéanfar ar eachtraí a tharla céad bliain ó shin agus an dóigh a d’fhéadfadh an comóradh seo daoine a spreagadh chun machnamh agus gníomh. Mhol sé go  rithfear rún ag an Ard-fheis atá ag teannadh orainn agus ina dhiaidh sin go gcuirfear bearta i gcrích le go n-eagrófar sna sé chontae.

Tar éis don Uasal Walsh labhairt, tugadh cead do na daoine sa slua a dtuairimí a nochtadh. Labhair an Seanadóir Mark Daly ar dtús. Dúirt sé go raibh sé sásta go raibh daoine i bhFianna Fáil ag tabhairt faoi seo agus go dtacóidh sé leis. Labhair daoine eile faoi na rudaí ar mhaith leo go ndéanfar. Bhí deis chun cainte ag cách. Bheartaigh na daoine i láthair chun tacú leis an rún ag an Ard-fheis agus an scéal a scaipeadh i measc comhaltaí eile de Fhianna Fáil. Bhí gach duine den tuairim go n-éireoidh leis an rún ag an Ard-fheis ach bhí amhras nó buaireamh ann cad a tharlóidh tar éis na hArd-fheise.

Chríochnaigh an cruinniú thart ar a deich a chlog.